Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. Nuair is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú.

Measúnú Rangbhunaithe: Tionscadal Deiridh

Cuirfidh an scoláire Measúnú Rangbhunaithe amháin i gcrích bunaithe ar thorthaí foghlama i níos mó ná snáithe amháin ar an gcúrsa.  Dearfar ábhar le haghaidh Measúnú Rangbhunaithe i gcomhairle leis na scoláirí.   Cuspóir ar leith a bheidh ag an Measúnú Rangbhunaithe is ea aiseolas forbartha don scoláire a éascú le linn a rannpháirtíochta sa tasc agus ag deireadh an phróisis.  Is féidir an measúnú rangbhunaithe don ghearrchúrsa OSPS a chur i gcrích sa dara bliain nó sa tríú bliain.
Is féidir an Measúnú Rangbhunaithe a tháirgeadh i bhformáid scríofa, dhigiteach, físe nó fuaime agus is féidir tacú leis sna formáidí sin trí agallamh nó cur i láthair a úsáid.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.